From The Gaeltacht to Galicia: A Son’s Tale, by Paul Murray ( large paperback Sept 2021)

£12.99

The inspirational story of how the love a Belfast Doctor had for his Gaeltacht sweetheart prevailed despite the horrors of captivity in Japanese POW camps during World War Two. 

Frank Murray and Eileen O'Kane met in Donegal and struck up a friendship. Frank later joined the British army as a medic and was deployed to Singapore. He and teacher Eileen wrote extensively to each other, and it is through these letters and Frank's journals that we gain a remarkable insight into life during these times.

From the description of the BBC I Player documentary - search Litir Grea Dara ...

 

Scéal inspioráideach an dochtúra as Béal Feirste a thit i ngrá le bean agus é tréimhse sa Ghaeltacht, agus an bealach ar tháinig sé slán as campaí géibhinn na Seapánach le linn an Dara Chogaidh Dhomhanda. Casadh Frank Murray agus Eileen O’Kane ar a chéile i Rann na Feirste ar chúrsa Gaeilge. Cháiligh seisean mar dhochtúir agus liostáil sé in Arm na Breataine. Cuireadh go Singeapór ansin é mar dhochtúir leis an Arm. Thosaigh sé féin agus Eileen comhfhreagras litreach. Bhí sise ina múinteoir faoin am seo. 

Tugann na litreacha agus an dialann a choinnigh Frank an-léargas ar an saol mar a bhí le linn an chogaidh. Ó am go ham, scríobhadh sé giotaí i nGaeilge. Bhí sé ina Cheann Feadhna ar an champa géibhinn a raibh sé féin ina phríosúnach ann i dtuaisceart na Seapáine. 

Ní fios cén bhrúidiúlacht nó cén chiapadh a chonaic Frank agus a chuid comrádaithe sa phríosún. Tháinig sé slán as an uafás. Sheas Eileen leis ar feadh 42 mí go dtí gur ghéill an tSeapáin, tír a bhí briste, brúite ar deireadh, i mí Lúnasa, 1945. Tháinig sé abhaile agus trí mhí ina dhiaidh sin, phós an bheirt acu. 

Insítear an scéal trína gcuid litreacha, trí chuntas an teaghlaigh agus le hionchur ó staraithe, iarshaighdiúirí agus síceolaithe. 

 

SKU:

You might also like